TURAIS & BLAISEADH

TURAIS & BLAISEADH

Foghlaim faoi uisce beatha Ghaeltacht Dhún na nGall

Is féidir foghlaim faoi dhéantús uisce beatha Ghaeltacht Dhún na nGall agus faoina nasc leis na daoine, leis an chultúr agus leis an cheantar mar chuid de do chuairt ar Dhrioglann Chroithlí. Bíonn turais ar siúl gach uair an chloig ó 11r.n. go 5i.n. Luan go hAoine agus maireann siad thart ar 60 bomaite. Gheobhaidh tú eolas fá ról Dhún na nGall i mbunús an uisce beatha, fá bhéaloideas na háite agus fá stair an fhoirgnimh ó na treoraithe iontacha agus ón chur i láthair fís-amhairc den scoth atá againn.

Tá na turais seo fóirsteanach dóibh siúd a bhfuil an-suim acu san uisce beatha agus do dhaoine nach bhfuil mórán eolais acu faoi, agus gheobhaidh tú blaiseadh de do rogha uisce beatha mar chuid den turais.

ROCHTAIN

ROCHTAIN

Bíonn gach turas fóirsteanach d’úsáideoirí cathaoireacha rotha agus do dhaoine le deacrachtaí luaineachta. Tá carrchlós réidh díreach taobh amuigh den phríomhdhoras le dhá spás coinnithe do dhaoine faoi mhíchumas.

UAIREANTA OSCAILTE

UAIREANTA OSCAILTE

Is iad na gnáth-uaireanta oscailte 11r.n. – 5i.n. Luan go Domhnach. Bíonn muid oscailte ar laethanta saoire poiblí. D’fhéadfaí an sceideal seo a athrú, coinnigh súil ar an suíomh gréasáin don scéal is déanaí.

Select your currency
EUR Euro
GBP Pound sterling