Stair chroithlí

Cuireadh tús arís athuair le stileireacht ‘dleathach’ uisce beatha Dhún na nGall ar an 24ú Meán Fómhair, 2020 sa tSean Mhonarcha na mBabóg i gCillín Darach, Croithlí, Co Dhún na nGall don chéad uair le céad agus ochtú bliain. Ba é William Leathem as Bart i gCo Dhún na nGall a raibh an drioglann cláraithe leis go luath sna 1840idí. Tá an simléir lena stoc dearg le feiceáil go fóill sa lá inniu.

Bhí monarcha Babóg Chroithlí ina luí folamh ar feadh beagnach 25 bliain ach sa bhliain 2018 chuir Údarás na Gaeltachta tús le togra athdheisiúcháin. Inniu tá an mhonarchan a tógadh i dtús báire mar áit do dhéantús cairpéad anois ina dhrioglann uisce beatha. Is iad Joe Devenney, Conor McMenamin agus Kieran Davis na poiblitheroirí ar chúl an togra seo. De bharr go bhfuil spéis choitianta acu san uisce beatha agus ag coimhéad ar bhorradh uisce beatha na hÉireann ar fud an domhain, ba mhaith leo a bheith ina bpáirt den scéal.

I ndáiríre is é seo áis ceardaíochta do tháirgeadh. Tá méid na hoibre measartha beag ach is é an intinn atá ann ná uisce beatha fíormhaith a dhéanamh. In áit a dhul leis na teicneolaíochtaí is nua-aimseartha atá ar fáil, rinneadh cinneadh cloí leis na modhanna is traidisiúnta de dhriogadh. Tá Croithlí ag úsáid potastileanna copair gáis den seandéanamh agus comhdhlúthadán le tobán peiste traidisiúnta. Cruthaíonn an modh dlúth-theagmháil copair seo an ‘éifeacht billiúin’, ag táirgeadh leacht de chastacht i bhfad níos mó agus próifíl níos saibhre. Déantar an leacht a stórail i mbairillí ina mbíodh bourbon agus fágtar ar an láthair sin é sa tradstóras faoi bhanna ar feadh, ar a laghad, trí bliana. I ndiaidh na trí bliana ag idirghníomhú leis an adhmad, ba chóir don rud a bhí ina leacht glan ar an chéad lá a theacht amach mar leacht slaodach galánta ómra ar dhath an óir atá ar leith don pháirt seo den domhan.

Chomh maith leis sin, tháinig fear ar leith eile darbh ainm Joseph F. Sinnott ar an tsaol sa taobh seo tíre i gCarraic Fhinne sa bhliain 1837 agus fuair sé bás in 1906. Ba é an ceathrú duine de cheithre dhuine dhéag teaghlaigh a tháinig ar an tsaol do theaghlach le dúchas saighdiúireachta agus loingseoireachta araon. D’fhreastail sé ar Scoil an Iarla George Hill i nGaoth Dobhair. Nuair a bhí sé seacht mbliana déag chuiagh sé ar imirce go Meiriceá. Bhí sé le dhul i gcuideachta a mháthair mhór agus a chuid aintíní i South Carolina ach ar an drochuair fuair siadsan bás leis an fiabhras buí le linn dó bheith ag taisteal. D’fhan sé in Philadelphia. Fuair sé fostaíocht le John Gibson agus a cuid Mic – an driogaire ba mhó d’fhuisce seagail i Meiricea Thuaidh. Cé gur thosaigh sé mar chuntasóir sóisearach, 32 bliana níos moille bhí sé ina úinéir ar an chomhlacht uilig sa bhliain 1888. Ag an am sin, bhí an chomhlacht ag táirgeadh 30,000 bairillí in aghaidh na bliana. Táirgfidh Croithlí 500 bairille sa chéad bhliain!

Cliceáil ar an fhiseán thíos chun stair ghearr de Chroithlí a fheiceáil.