Clár na mBairillí

Deis ar leith le bheith mar pháirt de stair Dhún na nGall a mbeidh trácht uirthi.

Ceannaigh bairille d’Uisce Beatha Éireannach Chroithlí agus bí ar dhuine d’infheisteoirí Bhunaitheoirí Chlub 180 Chroithlí, tairiscint eisiach atá teoranta do dhíolachán na chéad 180 bairille d’Uisce Beatha Éireannach Chroithlí.

Ceannaigh Bairille

Líonfar do bhairille le ‘biotáille úr’ lámhdhéanta go cumasach agus leagtha síos don chéad líonadh i ndair Grád A a bhí do bhúrbón roimhe sin. Fanóidh an biotáille i gciúnas ama, curtha ar bogadh leis an adhmad go fadálach agus de réir a chéile. Dhéanfaidh an nádúr an chuid eile san aeráid bhog, mheasartha seo. Bhí an Dúlra cineálta linn anseo in Iarthar Dhún na nGall. Nuair amháin atá na bairillí suain nite ag aeráid thais an Atlantaigh Fhiáin ar feadh cúig bliana ná níos mó, bhéarfar na bairillí amach as an chiúnas agus cuirfidh siad i láthair uisce beatha Éireannach atá cumhra, séimh, agus fíor-ómrac thar an choitiantacht. Tig leat a bheith cinnte go mbainfidh tú sult as bolgam d’Uisce Beatha breá Dhún na nGall, ‘An Croithlí’.

Sláinte agus sonas! – Foireann Chroithlí
Ceannaigh Bairille

Club 180 na mBunaitheoirí

Nuair a cuireadh tús le Drioglann Chroithlí sa bhliain 2018, cuireadh 180 bairille ar fáil do dhaoine a bhfuil dúil acu san uisce beatha, d’infheisteoirí agus do saineolaithe. Ar an drochuair, cuireadh deireadh le déanamh uisce beatha i nDún na nGall 180 bliain ó shin. Tugtar Bunaitheoirí Dhrioglann Chroithlí orthusan a bhfuil suim acu infheistíocht a dhéanamh i mbairille. Tá gach ceann de na bairillí seo ar leith, péinteáilte le hainm an Bhunaitheora, an dáta ar líonadh é agus uimhir an bhairille. Beidh gach bairille aosaithe i gCroithlí de réir mar atá sé de dhíth agus ní chuirfear i mbuidéil é go dtí go socraíonn an t-úinéir é sin. Nuair a thiocfas an t-am lena chur i mbuidéil, cá bith uair a bheas sin, cuirfear uimhir ar gach buidéal agus tugtar ainm an úinéara dó. Má shocraíonn Bunaitheoir a chuid uisce beatha a chur i mbuidéil, cuirtear i mbuidéil de chuid Uisce Beatha Chroithlí é ar a bhfuil lipéad eisceachtúil de Bhunaitheoirí Chroithlí. Cá bith a roghnófaí na Bunaitheoirí le déanamh lena gcuid uisce beatha nuair atá sé i mbuidéil agus lipéidí air, tá sé suas acu féin. Beidh Imeachtaí Bliantúla ar siúl le ceiliúradh a dhéanamh ar an chlub eiseach stairiúil seo.

Cliceáil anseo chun pdf den leabhrán a íoslódáil