STILEANNA POTA DÍR-BHREOSLAITHE

STILEANNA POTA DÍR-BHREOSLAITHE

Saothair ealaíne atá sna stileanna copair a fhaigheann muid ó réigiún Cognac na Fraince. Tá dearadh faoi leith ar an stil, le bonn dronnach le gur féidir tine gáis a chur sa lár lena théamh go cothrom. Cé go n-úsáideann an chuid is mó de dhrioglanna gal uisce, oibríonn an teas ó thine díreach chun aon cháithnín sa tuaslagán (an bonn beorach óna ndéantar an t-uisce beatha), mar shampla cealla marbha giosta, crotail eorna, siúcra agus ábhar próitéine, a dhó agus a ghreamú don chopar, ar an dóigh chéanna a dtagann dath dorcha ar phíosa feola a fhágtar ar fhriochtán te.

Tugtar éifeacht ‘Maillard’ air seo, agus is é seo a chuireann blas faoi leith ar uisce beatha aon bhraiche s’againn. Chomh maith leis sin, cuireann sé le ‘carachtar’ an uisce beatha a thagann le carachtar fáilteach na ndaoine anseo.

new1723

COMHÁBHAIR DEN SCOTH

COMHÁBHAIR DEN SCOTH

Úsáideann muid cur chuige ‘ón gharraí go dtí an ghloine’ agus muid ag driogadh, mar sin ní úsáideann muid ach trí ábhar shimplí ar ardchaighdeán chun scoth na biotáille orgánach a tháirgeadh; fíoruisce iarthar Dhún na nGall – a thagann isteach sa drioglann ó Loch Caol, eorna na Beirte agus scoth an ghiosta.

D’oscail muid drioglann s’againn ar an 24 Meán Fómhair 2020 agus rinne muid an chéad bhairille uisce beatha aon bhraiche Dhún na nGall i mí Dheireadh Fómhair 2020, leis na bairillí stile pota ag teacht amach i mí Mheán Fómhair 2021.

IONAD CUAIRTEOIR

Cuairt ar Dhrioglann Chroithlí

Foghlaim fá dhéantús an uisce beatha agus fá stair shaibhir ár ndrioglainne. Mar chuid den turas gheobhaidh tú blaiseadh den uisce beatha agus de bhiotáille nuadhéanta ónár stileanna speisialta dír-bhreoslaithe Cognac.

IONAD CUAIRTEOIR

Croithlí Distillery Experience

Experience whiskey making, hear the stories of our distillery’s rich history. Includes tasting whiskey and sampling new make spirit distilled in our unique direct fired Cognac stills.

Select your currency
EUR Euro
GBP Pound sterling