AN CROÍ

Ceanncheathrú Uisce Beatha Ghaeltacht Dhún na nGall

Baile beag in iarthar Ghaeltacht Dhún na nGall é Croithlí, atá lonnaithe idir cósta an Atlantaigh Fhiáin agus an tEargal mór.
Tá an drioglann lonnaithe i seanfhoirgneamh athchóirithe cloch a tógadh i 1901.Ba mhaith linn nasc a chruthú idir an ceantar seo agus an chuid eile den domhan trí uisce beatha ceardaíochta s’againn a scaipeadh, agus é driogtha sa chéad drioglann ceadúnaithe i nDún na nGall le 180 bliain.

Bain tairbhe as an bhlaiseadh saibhir lán le muintearas agus cairdeas, agus déan naisc nua le timlín d’uisce beatha Chroithlí!

AN CROí

Dáimh

Naisc le daoine cineálta gnaíúla.

Tá ceanncheathrú Uisce Beatha Chroithlí timpeallaithe ag oidhreacht shaibhir na Gaeilge atá beo go fóill ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin in iarthar Dhún na nGall. Bhíodh biotáille á déanamh anseo ag driogairí poitín na n-oileán agus ag Naomh Colmcille, a rugadh trasna na sléibhte uainn i nGartán, agus tá muidne ag iarraidh na naisc sin a atógáil trí chomhrá a thosú fá uisce beatha s’againn féin.

Foirgneamh álainn Dhrioglann Chroithlí

Tá áit lárnach ag an fhoirgneamh seo i saol an phobail ó tógadh é i 1901, agus rinneadh athchóiriú cúramach air leis an stair sin a chaomhnú. Is monarcha cairpéad a bhí san fhoirgneamh nuair a tógadh an chéad uair é, agus bhíodh an déantóir cáiliúil cairpéad as Albain, Alexander Morton, ag táirgeadh chairpéid Dhún na nGall anseo. Tá cuid dá chuid cairpéad anois in Áras an Uachtaráin, i dTeach Bán Mheiriceá, i gCaisleán Bhaile Átha Chliath, i bPálás Buckingham agus anseo i nDrioglann Chroithlí.

Cogadh na Saoirse

Idir 1916 agus 1922 is beairic de chuid Chonstáblacht Ríoga na hÉireann a bhí san fhoirgneamh. Is anseo a bhíodh cónaí ar an saighdiúir Charles Harsant nuair a caitheadh é de thimpiste ar an 18 Bealtaine 1921. Is féidir lorg piléar a fheiceáil ar sheanbhallaí na drioglainne go fóill. Tá sé curtha gar dúinn i reilig an Bhun Bhig, ach buaileann sé isteach le haghaidh deochín anois is arís!
‘Spirit’ eile atá againn anseo.

Bábóga Chroithlí

Idir 1940 agus 1978, is monarcha Bhábóga Chroithlí a bhí i bhfoirgneamh na drioglainne. Bhí cáil ar Bhábóga Chroithlí ar fud an domhain. Bhí thart ar 120 dearadh éagsúil acu i gcaitheamh na mblianta, agus gach aon cheann acu déanta de láimh ag foireann dhúthrachtach na monarchan. Bíonn an-tóir ar chuid acu, go háirithe na cinn a bhfuil éadaí bréidín nó olla lámhdhéanta orthu.

AR BíS

AR BíS

Uisce beatha a ardaíonn do chroí á tháirgeadh.

Tá an fhoireann anseo i nDrioglann Chroithlí tiomanta d’uisce beatha speisialta agus nuálaíoch a chruthú le héagsúlacht gráinní agus aibiú adhmaid a thógfaidh croí duine ar bith a bhfuil suim acu san uisce beatha.

IONAD CUAIRTEOIR

Cuairt ar Dhrioglann Chroithlí

Foghlaim fá dhéantús an uisce beatha agus fá stair shaibhir ár ndrioglainne. Mar chuid den turas gheobhaidh tú blaiseadh den uisce beatha agus de bhiotáille nuadhéanta ónár stileanna speisialta dír-bhreoslaithe Cognac.

Select your currency
EUR Euro